Comórtas 708a
Bliain 7 - Obairbhaile
Tá bealach aisteach ag mo mhúinteoir
chun obair bhaile a mheas.
Ar dtús ardaíonn sé an cóipleabhar,
déanann é a bholú is deir sé
Mmmm … Deas! An-deas!
Cuireann sé amach a theanga.
Déanann an páipéar a lí.
Nócha! a deir sé.
Sea! Nócha!
Ansin bolaíonn sé arís é.
Nó b’fhéidir nócha trí?
Osclaíonn sé a bhéal ansin.
Baineann plaic as mo chóipleabhar.
Blaiseann sé go cúramach é.
Ansin tosaíonn á alpadh siar mar a bheadh gabhar.
Faighimse marc an-ard i gcónaí.
An tuairisc scoile is fearr ar domhan!
Tá sé éasca A a fháil má bhíonn na comhábhair chearta ann!
Focail! Sea!
Líonaim leathanaigh le focail.
Bím ag obair liom go gasta.
Ach is cuma céard a scríobhaim a fhad is go mbíonn an dúch an-bhlasta!
Comórtas 708b
Bliain 7 – Mo Sheanathair
Tá mo sheanathair lag
Tá mo sheanathair aosta
Ní féidir leis seasamh
Ná siúl ina aonair
Is maith leis na crainn
Is maith leis an talamh
Is maith leis go mór bheith ag caint leis na páistí
Suíonn sé sa chúinne
Is muidinne ina aice leis
Is é ag cur síos
Ar an saol atá caite.