Comórtas 712
Bliain 11 & 12 - An Fómhair
Féachaim i súile na ndaoine,
Na daoine idir óg agus aosta
Tá éisteacht le saothar na gaoithe
Ag lomadh na gcraobh ins na coillte.
Is chimes i súile mo chairde
Uaigneas faoi cheilt agus náire,
Caint gan teanga i láthair:
‘Na ligimis orainn, a bhráthair.’
Ach tuigeann mo chairde mo chás-sa,
Is tuigid go dtuigim a scáfaireacht,
Mar is ionann cúis bhróin dúinn is náire
An t-am bheith ag brostú an bháis chugainn.
Féachaim i súile na ndaoine,
Na daoine idir óg agus aosta,
Tá á gciapadh anonn ins an oíche
Is iad ag éisteacht le saothar na gaoithe
– Le saothar na gaoithe.