Comórtas 707a

Bliain 6 – Mo Mháthair

 

Cé éiríonn ar maidín

Is mise i mo luí

Ag lasadh na tine

Is ag glanadh an tí?

 Cé thagann don leaba

Ag rá liom éirí?

 – — Mo mháthair.

 

Cé chuireann an bricfeasta

Chugam ar an mbord?

Cé a fhaigheann dom mo mhála

Mo leabhair is mo lón?

Nuair a bhímse ag imeacht

Cé a thugann dom póg?

Mo mháthair.

 

Cé a chuireann romham fáilte

Nuair a thagaim isteach?

Cé a thógann mo mhála,

Mo hata is mo bhrat? 

Is cé a bhíonn go sásta

Nuair a bhímse go maith?

Mo mháthair.

 

Cé a bhíonn ar a cosa i gcaitheamh an lae?

 Cé a thugann ón tobar

An t-uisce don tae?

Cé a dhéanann an obair

Dár muintir go léir?

Mo mháthair.




Comórtas 707b

Bliain 6 – An Seilide

 

Chaill mé mo theachín

Arsa an seilide bocht

Chaill mé mo theachín

Is é a bhí go docht

Nuair a dhúisigh mé ar maidin

Bhí mé fuar gan é

D’amharc mé i ngach áit

Ar dheis is ar chlé

Cé thóg mo theachín?

Arsa an seilide nocht

Cé thóg mo theachín?

Cé air a bhfuil an locht?