Comórtas 706a
Bliain 5 – An Spásaire
Ba mhaith liom dul don ghealach
Lá éigin, tar éis dinnéir.
Tiománfaidh mé mo spáslong
Suas amach faoin spéir.
Fuair mé culaith spásaire, um Nollaig ó m’aintín.
Beidh an chulaith nua sin ormsa,
Is mo chóta mór báistí.
Nuair a shroichfimid an ghealach
Beidh picnic againn ann.
Beimid ansin ag ithe linn
Is ag breathnú ar an domhan.
Ní rachaidh mé rófhada ón long,
Ar eagla dul ar strae,
Ach baileoidh mé roinnt clocha
Sula suífidh mé chun tae.
Fillfimid sa spáslong,
Go díreach tar éis an tae,
Mar ní mór dom bheith sa bhaile,
I mo leaba, roimh a naoi.
Le solas na gealaí.
Comórtas 706b
Bliain 5 - An Abhainn
Éist le glór na habhann
Ag rince tríd an ghleann
Ritheann sí go haerach
Le gáire is le greann.
Léimeann sí thar chlocha
Isteach faoin droichead buí,
Ritheann sí amach arís
Go tapa ar a slí
Tugann sí deoch uisce
Don chapall is don bhó,
Ag rith gan stad gan staonadh
Go dtí an fharraige mhór.