Comórtas 713

Bliain 13 &14 - An Gleann ’nar tógadh mé

Le Dúghlas de hÍde

 

Ó áit go háit ba bhreá mo shiúl,

Is dob ard mo léim ar bharr an tsléibh,’

I long ’s i mbád ba mhór mo dhúil,

’S ba bheo mo chroí i lár mo chléibh.

Mar chois an ghiorria a bhí mo chos,

Mar iarann gach alt is féith,

Bhí an sonas romham, thall is abhus

Sa ghleann ’nar tógadh mé.

Ba chuma liomsa fear ar bith,

Ba chuma liom an domhan iomlán;

Mar rith an fhia a bhí mo rith,

Mar shruthán sléibhe ag dul le fán;

Is ní raibh rud ar bith sa domhan

Nach ndéanfainn, dá mba mhaith liom é –

Léim an bád ’dul síos an abhainn

Sa ghleann ’nar tógadh mé.

Ní amhlaidh atá agam anois,

Bhí mé luath agus tá mé mall,

Níl ’fhios agam cad é a bhris

Sean-neart an chroí is lúth na mball;

Rinne mé mórán ’s fuair mé fios

Ar mhórán-Och! níor sásaíodh mé –

Mo léan, mo léan, gan mé arís óg

Sa ghleann ’nar tógadh mé!