Comórtas 702a

Bliain 1 -  Síolta

 

Bhí síolta beaga i bhfolach

Istigh i gcroí úill.

Síolta beaga donna

Síolta beaga crua.

Chuir mé síos sa chré iad

Go socair, socair ciúin

Is b’fhéidir, b’fhéidir, b’fhéidir

Go bhfásfaidh crann beag úll.

 

Comórtas 702b

Bliain 1 – Lámh, lámh eile

 

Lámh, lámh eile

A haon, a dó

Cos, cos eile

A haon, a dó

Súil, súil eile

A haon, a dó

Cluas, cluas eile

A haon, a dó

Ceann, srón, béal , smig

Is na fiacla bhána i mo bhéal istigh.