Comórtas 703a
Bliain 2 – An tUlchabhán
Is mise an t-ulchabhán bán,
D’ith mé cuileog is tá mé breá lán,
Amharc ar mo mhuineál,
Casann sé thart agus
Feicim gach rud mar is ceart.
Comórtas 703b
Bliain 2 – Mo chóta
Féach ar mo chóta,
Cóta nua é
Póca ar dheis
Póca ar chlé.
Féach ar na cnaipí
A haon, a dó a trí
Cheannaigh mé sa siopa é
Siopa éadaí.