Comórtas 711
Bliain 10 - Beach na Scoile
Imigh, a bheach bheag,
Chun aoibhnis an aeir;
Ná fan anseo a thuilleadh,
Ní ionad duit é.
Ní dhéanfá léitheoireacht;
Níorbh fhéidir leat scríobh;
Ní bhfaighfeá aon cheol uainn
Ná eolas na slí.
Ná creidse an léarscáil
’S na bréaga ’tá ann,
Níl fraoch ar a arda
Ná bláthanna ina ngleann.
Is na flóis bheaga
’chíonn tú I bpictiúir an tí
Níl brí ina gcuisle
Ná mil ina gcroí.
Imigh go rí-mhear
Chun aoibhnis an aeir.
Ná fan anseo a thuilleadh,
Ní ionad duit é.