Comórtas 705a

Bliain 4 – An zú

 

Níl rud ar bith chomh deas

Le turas chuig an zú;

Tugaim faoi deara

An rud is lú.

 

Is breá liom ainmhithe

An zú go léir

Léim an liopaird

Búireach an bhéir

 

An leon ardnósach

Hiéana ag gáire

Piongain chiotach

Moncaí gan náire

 

An eilifint mhór

Ag luascadh a thruinc

Is grá liom gach rud

Ach boladh an scúinc.


 

 

Comórtas 705b

Bliain 4 – Eilifínt ar an trá

 

Eilifint ar an trá

Ag caitheamh a bicíní

Rinne sí rince beag

Ar a barraicíní.

 

“Stop!” a bheic an portán beag

“Seachain mo chrúibíní!”

Och! Ochón!

An créatúr bocht

Ina smidiríní!