Bliain 9 - Éirigí a pháistí
Éirígí, a pháistí!
Amach linn faoin aer;
Tá an ghrian gheal ag taitneamh,
Níl scamall sa spéir.
Tá gaoth bhog ag séideadh
Thar cnoc agus gleann,
Tá duilleoga ag damhsa
Ar sceach is ar chrann.
Tá úlla is sméara
Go tiubh ar gach craobh,
Tá bláthanna geala
Ag fás ar gach taobh.
Éirígí, a pháistí!
Amach linn faoin aer
Chun aoibhneas a bhaint
As an áilleacht go léir.