Bliain 6 - Eitleog

Event 707a


Scaoilim m’eitleog

Suas suas san aer. 

Pógann sí na crainn, 

Is preabann chun na spéire.

Éalaíonn isteach i scamall, 

Is tosaíonn sí ag spraoi,

Ag luascadh is ag eitilt

Le rithim na gaoithe. 

Ba bhreá liomsa bheith i m’eitleog

Thuas in airde sa spéir. 

Ba bhreá liom dul ar foluain

Ar sciatháin aeir. 

Ba bhreá liom bheith léi

Thuas os cionn na gcrann ag spraoi, 

Ag lorg faoisimh

Ón uaigneas seo i mo chroí.





Bliain 6 – Stocaí

Event 707b

Stocaí le stríoca, 

Cuid mhór le spotaí, 

Stocaí ar gach dath

Sa bhogha báistí. 

Caite le chéile

Sa mheaisín le ní

Sáite is báite

I spéirling mhór gaoith’. 

Corrstoca an líne, 

Ag sileadh na ndeor, 

A gcomrádaí slogtha

Ag ollphéist de niteoir.