Bliain 12 - Faoiseamh a gheobhsa


Faoiseamh a gheobhadsa

Seal beag gairid

I measc mo dhaoine

Ar oileán mara, 

Ag síul cois cladaigh

Maidin is tráthnóna

Ó Luan go Satharn

Thiar ag baile. 

Faoiseamh a gheobhadsa

Seal beag gairid

I measc mo dhaoine, 

Ó chrá croí, 

Ó bhuairt aigne, 

Ó uaigneas duairc, 

Ó chaint ghontach

Thiar ag baile.