Bliain 5 - Codail go sámh
Event 706a
Codail go sámh
A ghrá gheal mo chroí.
Beidh an oíche chugainn láithreach
Is an ghrian ina luí.
Codail go lá,
Mo stóirín geal féin.
Tá an londubh gan cheol
Is níl spideog sa spéir.
Codail go ciúin,
Mo mhuirnín beag féin.
Tá na réaltóga bána
Go hard, geal sa spéir.
Codail go sámh,
A ghrá gheal mo chroí.
Beidh an oíche chugainn láithreach
Is an ghrian ina luí
Bliain 5 - An tOchtapas
Event 706b
Tá mé ocht inniu, arsa an tOchtapas
Is tá mo chairde ag teacht le haghaidh tae
Is breá liom bheith ocht, arsa an tOchtapas,
Beidh an chóisir againn ar a sé.
Tá mé ocht inniu, arsa an tOchtapas I
s tá mo chairde ag teacht le haghaidh tae,
Is breá liom bheith ocht, arsa an tOchtapas,
Ba sheachtapas mé inné!