Bliain 4 - Ag Siopadóireacht
Event 705a
“Gabh siar go dtí a’ siopa dom”,
A dúirt mo mhamaí liom.
“Fá choinne pionta bainne
Agus builín d’arán donn,
Próca beag de chaife
Agus bosca de mhálaí tae,
Ó agus faigh na brioscaí céanna dom
A fuair tú dom inné”.
Bliain 4 - Mo Mhadadh
Event 705b
Sin é mo mhadadh
Ina shuí ar an stól,
Bíonn sé ag ithe,
Bíonn sé ag ól.
Ólann sé bainne,
Is itheann sé arán,
Is deir sé ‘bhuf’, ‘bhuf’,
Nuair a bhíonn sé lán.