Bliain 10 – An Fear Bréige

 

Ó féach an fear bréige

Ina sheasamh sa ghort

A sheanhata pollta

A chóta beo bocht

A dhá lámh ar leathadh

Gan ordóg ná méar

A bhríste gan chosa

Ag síneadh go fear.

 

Mo thrua an fear bréige

Ag casadh le gaoth

Le súile gan solas

In aghaidh atá baoth

Amuigh ina aonar

Ag faire na n-éan

Go luíonn an ghrian

Ag deireadh an lae.