Bliain 7 - An Damhan Alla agus an Mhioltóg
Event 708a
’Sé dúirt an damhán alla le míoltóigín lá:
“Ó! Tar liom abhaile, a chréatúirín bhreá:
Tá grian gheal an tsamhraidh ag damhsa ar mo theach,
Tá ithe ’gus ól ann–nach dtiocfá isteach?”
Dúirt an créatúr míchéillí ag féachaint isteach:
“Is tú croí na féile, is breá é do theach:
Ach deirtear go mbíonn tú ag ithe ’s ag ól
Míoltóigín mar mise, idir fhuil agus fheoil.”
Dúirt an damhán alla–is é a bhí glic,
“Is bréag mhór, dar m’anam, an scéal sin, a mhic;
Tá caoireoil, tá mairteoil, tá bainne anseo,
Is an té a bheadh marbh dhéanfaidís beo.”
Bhí an créatúirín meallta le comhrá mar sin,
Dúirt sé, “tá mé sásta, mar tá tú chomh binn;
Ach ní fhanfaidh mé fada.”
Chuaigh sé isteach,
Is níor chuala mé fós gur tháinig amach.
Bliain 7 – An Ghaoth
Event 708b
An ghaoth aduaidh
Bíonn sí crua
Agus cuireann sí fuacht
Ar dhaoine.
An ghaoth aneas
Bíonn sí tais
Agus cuireann sí rath
Ar shíolta.
An ghaoth aniar
Bíonn sí fial
Agus cuireann sí iasc
I líonta.
An ghaoth anoir
Bíonn sí tirim
Agus cuireann sí brait
Ar chaoirigh.