Bliain 11 - Prataí malla


Gualainn ar ghuallainn, in abar sa chré

Ag baint is ag tochailt ó bhánú an lae.

Gan suaimhneas, gan scíste, gan sos ar bith ann

Ach allas is salachar ó bharr go bun.

 

Súile ag druidim, málaí trom’

Gur fágadh sa deireadh an cuibhreann lom

Gan focal, gan fuaim, go mall, go réidh

Shiúil siad abhaile i ndeireadh an lae.