Comórtas 709   

Bliain 8 – Lámha

 

Lámha beaga ag péinteáil,

Lámha beaga á ní,

Lamha eile ag tarraingt

Agus lámha le chéile ag guí.

Lámha á n-oscailt is á ndúnadh,

Ag piocadh, ag gearradh, Is ag scríobh.

Ag cuidiú is ag breith ar a gcairde

I gciorcal mór siamsa is spraoi.

Lámha ag obair is ag súgradh,

Ó mhaidin go duibhe na hoíche.

Caithfimid aire a thabhairt dóibh,

Anois cá bhfuil mo lámhainní?