Comórtas 712

Bliain 11& 12  - Lus an Chromchinn

Le hEamonn Ó Ruanaí

 

Ag cromadh a chinn i bhfionnuar an lae,
Fáiltíonn an bláth roimh sholas na gréine.
Óir bhuí ag lonrú sa ghairdín go ciúin,
Teachtaire an earraigh le dóchas is rún.

Tríd an talamh fuar, briseann sé suas,
Ag damhsa sa ghaoth is ag scaipeadh an duais.
Lus an chromchinn, chomh geal is chomh glan,
Comhartha an athnuachana i ngach uile bhall.