Comórtas 705a

Bliain 4 – Nóiníní Bána

 

Nóiníní bána ar imeall na habhann

Rachaidh mé síos agus piocfaidh mé ceann

Ceann beag do Mháire agus ceann beag dom féin

Ceann beag do mo chairde ar oileán I gcéin

Déanfaidh mé slabhra deas bán agus órga

Déanta as nóiníní bána go leor

Beidh sé go hálainn anuas ar mo cheann

Mise i mo bhanríon ar imeall na habhann

 

Comórtas 705b

Bliain 4 –  An Trá

 

Bróga ar mo chosa

Cóta ar mo dhroim

Lámhainní ar mo lámha

Hata ar mo cheann

Dúnann Daid an doras

Is aoibhinn liom an lá

Triúir againn le chéile

Síos go dtí an trá.