Comórtas 708a
Bliain 7 – Mo chró beag ag bun an tí
Is iomaí áit álainn in Éirinn
Ag filí ’s lucht foghlaim faoi cháil,
Ach measaim gur ghleanntáin Thír Chonaill
An áit ann is deise le fáil.
Chá dtabharfainn ar choróin Rí Eamoinn,
A phálás ’s a stór mianach buí,
M’áit chónaí bheag féin i dTír Chonaill,
Mo chró beag ag bun Chnoc a’ Tí.
Ná labhair liom fán tír seo a fhágáil
’S imeacht thar sáile anonn;
Nó b’fhearr liom bheith beo bocht in Éirinn
Ag mo chailín beag deas dóighiúil donn.
In áit a dtiocfadh liom umhlú Dé Domhnaigh
Agus paidir a chur ó mo chroí
Le hanam mo shinsear a tógadh
I mo chró beag ag bun Chnoc a’ Tí.
Comórtas 708b
Bliain 7 – Babóg Shíle
Tá bábóg ag Síle
Is í gléasta go deas
Faoi ghúna breá síoda
Agus cóta beag glas.
Is aoibhinn le Síle Í a chur ina suí
Is a gruaig geal a chíoradh
Sula dtéann sí a luí.
Tá cion mór ag Síle
Ar a bábóigín féin;
Codlaíonn siad le chéile
Gach oíche den bhliain.