Comórtas 711

Bliain 10 - Ná tabhair aon rud le hIthe dóibh!

Le Gabriel Rosenstock

 

Léim spásfhirín go beo isteach im leaba aréir,

“Cad as ar tháinig tusa? Díreach anuas ón spéir?”

 “Bog isteach!” ar seisean, “tá mé préachta leis an fhuacht

Aon rud maith ar an bhosca?”

“Tá’ arsa mise, ‘An Nuacht!”

“Bhuel cuir ar siúl láithreach é!” arsa an spásfhirín ag crith,

“Agus tabhair dom rud éigin le hithe – táim stiúgtha – rud ar bith!”

Fuair me ceapaire feola dó agus d’amharc sé ar faoi dhó:

“Tá brón orm,” arsa an spásfhirín, “rud ar bith ach bó.”

Fuair mé pláta pónairí dó, sailéad agus rís

Agus d’alp sé siar an t-iomlán ag amharc ar an teilifis:

Agus chuala mé an léitheoir nuachta:

“Tá firíní i mBaile Átha Cliath, ach ní dhéanfaidh siad dochar dá laghad duit má choinníonn tú amach iad ó bhia!”