Comórtas 707a

Bliain 6 – Rialacha Nua

Le hÁine Ní Ghlinn

 

Is mise an príomhoide nua

Druidigí bhur leabhair

Tá Bean Uí Bhriain san ospidéal

Í imithe glan as a meabhair

Beidh rialacha nua I bhfeidhm anois

Cuid acu giota beag éagsúil

Níl cead aon leabhar a oscailt

Mura bhfuil sé iontach spéisiúil

Amach anseo ní bheidh againn

Ach cluichí, spórt is spraoi

Mairfidh am lóin dhá uair a chloig

Agus ina dhiaidh sin rachamid a luí

Anois osclaígí na boscaí lóin

Cad é seo a fheicim? Arán?

Tá deireadh le ceapairí ar scoil

Amárach tugaigí isteach milseáin

Ach cad faoi obair bhaile?

Uair a chloig nó dhó?

 


Comórtas 707b

Bliain 6 – Sa Bhaile

le hÚna Leavy

 

Níl aon tinteán mar do thinteán féin.

Croch suas do chóta,

bain díot do bhróga,

faigh cupán tae agus suigh cois na tine.

 

Cuirtíní dúnta,

seanchlog ag bualadh,

gaoth ins an simléar ag cogar sa chiúnas.

 

An cat is an madra ’na gcodladh araon.

Níl aon tinteán,

Mar do thinteán féin