Comórtas 713
Bliain 13 &14 – Cogadh
Torann na ngunnaí ag briseadh na hoíche,
Scáthanna dorcha ag titim ar thír,
Deora ag sileadh ó shúile na ndaoine,
Agus croíthe á mbriseadh le brón is le pian.
Tithe ina bhfothrach is bailte ina luaithreach,
An talamh ag caoineadh faoi ualach an fhuatha,
Ach lasann an dóchas i gcroíthe na ndaoine,
Go bhfillfidh an ghrian is go dtiocfaidh an tsíocháin.