An Seanfhear
Cúpla coiscéim sin an méid
Ansin glacfaidh me sos
Go mall anois a shiúlaim
Ó chaill mé lúth na gcos
An ghruaig chatach dhubh sin
Anois ag éirí gann
An glór a cheol mar chuach
Anois ag éirí fann.
Smaoiním ar m’óige
Anois ó am go ham
Na cnámha a bhí chomh láidir
Anois ag éirí cam.
Cár imigh uaim na blianta?
Cár imigh uaim an lá
A raibh mé le mo chaidre
Is ní uaigneach mar atá.