An Sneachta


Thit sneachta bog bán

Anuas ón spéir,

Nuair a bhí mé i mo luí

Ar mo leaba aréir.

Tá an sneachta bog bán

Anois i ngach áit,

Ar gach teach agus crann,

Gach sráid agus páirc.


Beidh spórt agus scléip

Agam féin agus Seán

Ag súgradh inniu

Sa sneachta bog bán