Cá bhfuil mo mhála scoile?



Cá bhfuil mo mhála scoile?

An bhfaca tusa é?

An bhfuil ‘fhios agat, a Mhamaí

Cár imigh sé ar strae?


Níl sé sa chistin

Ná istigh sa seomra suí

Níor thug mé suas an staighre é

Nuair a chuaigh mé mo luí.


Bhuel, cinnte bhí sé agatsa

Ar do theacht ón scoil inné

Mar rinne tú d’obair bhaile

Go díreach i ndiaidh an tae.


Ó! Feicim do mhála scoile

Is níor imigh sé ar strae

Thiar ar do dhroim atá sé

Is tú féin a chuir ann é!