An Bhumbóg
Le Dáire Mac Pháidín
Luigh mé síos
Sa ghairdín inné
Agus thit mé i mo chodladh i lár an lae.
Dhúisigh mé go tapa
Nuair a bhuail an fón
Agus chonaic mé rud éigin ina shuí ar mo shrón.
Bumbóg mhór, dubh agus buí,
A tháinig ar cuairt nuair a bhí mé i mo luí.
Níor bhog mé ar feadh tamaill
Ar dheis ná ar chlé,
Agus d’eitil an bhumbóg ar aghaidh
Nuair a bhí sí réidh.