Cad é a tharla do do bhróga?

Cad é a tharla do do bhróga,

A Sheáin, a mhic a chroí?

Iad briste caite stróctha

Is gan iad agat ach mí.


Níl a fhios agam, a Mhamaí a ghrá

Ní thig liom a rá,

Ach, bímse ag imirt peile leo

Ar scoil gach uile lá.


Tabhair leat go dtí an gréasaí iad

A Sheáin, a mhic, a chroí

Cóireoidh sé na bróga duit

Cóireoidh sé na poill.


Ar aghaidh le Seán, na bróga leis

Ar aghaidh le Seán gan mhoill,



Is thóg an gréasaí iad ansin

Is chóirigh sé na poill.