An Damhán Alla agus an Mhíoltóg
Le Dúghlas de hÍde
’Sé dúirt an damhán alla le míoltóigín lá:
“Ó! Tar liom abhaile, a chréatúirín bhreá:
Tá grian gheal an tsamhraidh ag damhsa ar mo theach,
Tá ithe ’gus ól ann–nach dtiocfá isteach?”
Dúirt an créatúr míchéillí ag féachaint isteach:
“Is tú croí na féile, is breá é do theach:
Ach deirtear go mbíonn tú ag ithe ’s ag ól
Míoltóigín mar mise, idir fhuil agus fheoil.”
Dúirt an damhán alla–is é a bhí glic,
“Is bréag mhór, dar m’anam, an scéal sin, a mhic;
Tá caoireoil, tá mairteoil, tá bainne anseo,
Is an té a bheadh marbh dhéanfaidís beo.”
Bhí an créatúirín meallta le comhrá mar sin,
Dúirt sé, “tá mé sásta, mar tá tú chomh binn;
Ach ní fhanfaidh mé fada.”
Chuaigh sé isteach,
Is níor chuala mé fós gur tháinig amach.