Mo Gheansaí Spóirt

Le Mary Kavanagh

D’oscail mé mo mhála spóirt,

Is d’fhéach mé isteach.

Is beag nár leag an boladh mé,

Boladh gránna ag teacht amach!

Chuir mé mo lámh sa mhála,

Is rug mé ar mo bhróga.

Anois! Cá bhfuil mo chuid éadaí?

Isteach le mo lámh arís – mise atá cróga!

Amach le mo gheansaí, geansaí a bhí bán.

Agus féach ar mo chuid stocaí,

Bhuel, stoca amháin.

Anois cad a dhéanfaidh mé?

Tá cluiche agam ar a trí.

Ná bac leis an bholadh,

Níl am agam iad a ní!