Dá mbeinn saor
Dá mbeinn saor,
Ní fhanfainn ar scoil
Rachainn abhaile
Is dhéanfainn mo thoil.
D’imeoinn cois farraige
Is thógfainn caisleáin.
D’fheicfinn na báid
Is chloisfinn faoileáin.
Shnámhfainn sna tonnta
D’éistfinn lena nglór
Is shiúlfainn sa ghaineamh
Go sroisfinn Aill Mhór.
D’fhanfainn I m’aonair
Go rachadh an ghrian faoi
Is d’fhillfinn abhaile
Draíocht farraige i mo chroí.